Ar dTús.

Níor thug mé aird ort
Ar dtús.

Bhí cuidiú uaim
A dúirt tú, aríst,
Ag faire, ag fanacht
Le troid uaim.

Ró-thuirseach
Ró-bhrónach
Le troid.

Racht géillte
Do mo nochtadh.

Ró-fhada domh
Do mo thachtadh.

Moladh gaoithe
Ráfla inchinne
Bealach ar strae.

Ansin a chuimil tú,
Glacfaidh an oilithreacht seo
Smidiríní mo shaoil
Le grian bheag a thógáil
A lasfaidh fad an bhealaigh
A fhad le diagnóis.

B’fhéidir é
Nach ormsa
An locht ar fad.

Nár chomh fada eatarthu
Saol fíorscaoilte
Saol fíorchróga
Agus a bhreac mé síos
Ar phár mo dhíograis
le peann mo chroí
Ar chumhaidh an oileáin.

Ach tusa bheith ann
Lámh liom
Croí liom
Chaoinfinn
Uisce mo chinn.

Caillim
Leathchuid a deir tú
Go fóill.

Ach anois
Tá fáilte le feasacht.

Iarraim maithiúnas ort
Le tosnú aríst.

***


cumhaidh an oileáin

go tiubh
thart orm
anocht.
Ach
ní cuimhin liom
an ag fagáil
ag teacht ar ais
atá mé?
***

Fuair mé diagnóis ADHD/NHEA i 2016 nuair a bhí mé 44 bliain d’aois.

Ag an am ní raibh a fhios agam ach go raibh imní ar mo bhean Emma go raibh early onset alzheimers ag teacht orm. Ní raibh maith ar bith ionam ag coinneáil cuimhne ar rud ar bith. Is minic a sheas mé sa chistin ag stanadh ar an doirteal agus mé dall ar fad ar an chúis a thug chun na cistine mé. Bhí an teach ina phraiseach, ní raibh mé in ann aird ar bith a thabhairt do thimireacht ar fud an tí, agus níl mo bhean in ann a leithéid a dhéanamh, go fisiciúil. Níor aithin mé go raibh éadaí ar an úrlár fiú, ní amháin go raibh gá lena bpiocadh suas.

Chomh maith leis sin, thiocfadh dubhfhearg orm sa teach. Anois tá a fhios agam gur siomptóm eile ADHD í – cuireann ADHD isteach ar rialú mothúchán. Ach chuir sé eagla orm nach raibh mé in ann smacht a choinneáil orm féin. Scríobh mé amhrán faoi seo.

Chaithinn airgid ar leabharthaí nuair nach raibh fiú puinn airgead sa chófra againn. Nuair a bhíonn ADHD ort, bíonn sé deacair srian a chur ar do chuid mianta. Buíochas do Amazon, ní raibh i gceist ach leabharthaí, ach bhí dochar i gceist cibé ar bith.

Siomptóm amháin eile ná go dtagann deargnáire uafásach ort nuair a mhothaíonn tú diúltú nó eiteachas ó dhuine. Ní hamháin i gcúrsaí grá, ach go coitianta bíonn sé deacair comhairle, léirmheastóireacht nó gearán a chloisteáil gan an rabharta náire sin a theacht ort. Uaireanta, éiríonn tú cleachtaithe le rudaí a fhorbairt i d’aonar, ar do chonlán féin leis na mothúcháin sin a sheachaint. I mo shaol féin, ba mhinic a sheachain mé eachtraí sóisialta mar gheall ar an eagla a mhothaigh mé roimh daoine nua go mbeadh siad do mo bhreithniú. Nuair nach raibh an dara bealach éalaithe agam, bhínn cinnte ról foirmeálta éigin a bheith agam leis an imní a chur in eagar.

Bhí ceithre bhliain ann ó d’fhág mé post lánaimseartha san ollscoil mar léachtóir agus mar thaighdeoir, agus ní raibh cúrsaí oibre éasca domh. Ag an tús bhí Emma ag tabhairt cabhrach domh le sceideal a choinneáil agus le rudaí a chur i gcuimhne domh. Ach tháinig tréimhse fhada tinnis uirthi agus ní raibh sí ábalta an tacaíocht chéanna a thabhairt domh. Bhí na mílte tionscnamh ar bun agam, ach ar chúis éigin, ní raibh mé in ann fiú ceann amháin acu a thabhairt chun críche. Is fadhb é sin nuair atá féinfhostaíocht i gceist. Ní raibh airgead ar bith ag teacht isteach agus bhíomar i gcruachás.

Bhí sé seo ar fad an deacair domh féin ó thaobh muiníne de. Roimhe seo shaothraigh mé clú idirnáisiúnta mar shaineolaí in aintreopólaíocht an cheoil, mar shaineolaí i gcúrsaí cóipchirt, agus mar shaineolaí i gcórais sláinte. Is file mé. Is cóitseálaí mé. Is craoltóir mé. Is amhránaí mé. Téann thart ar an domhan ag tabhairt léachtanna ar roinnt rudaí. Duine éirimiúil mé, agus bhí mé mar sin i gcónaí. Ach ní raibh mé in ann mo chuid éadaí a phiocadh suas ón úrlár nó cuimhne a dhéanamh ar choinne oibre. Bhí mé go hiomlán trí chéile.

Tháinig gach rud le chéile in aon seachtain amháin faoi dheireadh. Dé Luain rinne mé dearmad teacht abhaile ón oifig agus na páistí a phiocadh suas ón naíonra. An chéad lá eile, rinne mé dearmad an coscán láimhe a theannadh, agus ghluais an gluaisteán nuair a bhí Emma ag tuirlingt amach as. Ghortaigh sí a ghualann, rud atá tromchúiseach mar go bhfuil sí faoi mhíchumas ar aon nós. Tharla an rud céanna an lá dár gceann agus gortaíodh arís í. Ar deireadh, d’impigh Emma orm cuidiú a fháil agus d’aontaigh mé léi go raibh cuidiú de dhíth.

Nuair a bhíonn ADHD ort, oibríonn achan rud san inchinn beagnach i gceart ar ardspreagadh, agus nuair nach bhfaigheann tú an t-ardspreagadh sin ón timpeallacht thart ort titeann feidhmiú na hinchinne agus ord an tsaoil as a chéile.

De réir snáith taighde amháin a tháinig amach ar na mallaibh, is léir go mbaineann ADHD le heaspa glúcóis i maothán tosaigh na hinchinne, nó an frontal lobe.

Nuair a bhíonn lag-spreagadh i gceist, déanann sé sin nach mbíonn cothú ceart san inchinn, agus teipeann ar fheidhmiú forghníomhaithe nó executive function. Do ghnáthdhuine clúdaíonn feidhmiú forghníomhaithe rachtrialú, ordú aimsire, cumas eagraithe, agus féinrialú na mothúchán. Mar an gcéanna le hachan duine eile, ní maith liom riarachán nó cúrsaí cánach, ach tá leithscéal iontach agamsa nach bhfuil ag daoine eile.

Leis an diagnóis a fháil bhí orm liosta ceisteanna a chur ar aghaidh chuig mo mhamaí. Caidé mar a bhí mé nuair a bhí mé óg? An raibh na comharthaí céanna le feiceáil? De réir a chéile bhí sí in ann roinnt rudaí a aithint, ach bhí moill uirthi. Níor mhaith léi a rá go rud ar bith cearr liom agus mé i mo pháiste.

Ní raibh a leithéid d’ADHD ann agus mé ag fás aníos. Chomh maith leis sin, bhí achan duine sa chlann fuinniúil, bríomhar, agus bhí seisear againn ann. Sin mar a bhí an saol. Ní raibh diagnóis de dhíth. Mhol mo thuismitheoirí dúinn uilig dúil a chur in achan rud, agus díogras a chothú áit ar bith ar aimsigh muid é. Ní mí-ord ar bith a bhí ann, ach fuinnimh, éirimí, ildánacht. Tógadh sa Nua-Shéalainn muid, mar sin ní raibh suntas ar bith ann go raibh muid ag pleidhcíocht thart amuigh faoin aer an t-am ar fad.

Níor chuir ADHD isteach orm ar scoil – bhí mé cliste agus bhí mé in ann roinnt cleasanna a fhorbairt le mo chuid fadhbanna a choinneáil faoi cheilt agus le m’obair scoile a chur tharam chomh gasta agus ab fhéidir. Agus bhí spéis agam sa scoláireacht, agus muinín agam i gcóras eagraithe na scoile. Mhothaigh mé compordach nuair a bhí na rialacha iontach soiléir. Ba bhreá liom a bheith ag léamh, agus bhí mé fiosrach faoin saol agus faoin dóigh a n-oibríonn achan rud; léann gan teorann, in ainneoin na scrúduithe. Cé nach raibh sé ariamh ar mo chumas a bheith saorchompordach go sóisialta i measc daltaí eile, rith struchtúr na scoile liom go mór.

Rachainn amach achan oíche le freastal ar chlub éigin – iomáint, damhsa, tráth na gceist, amharclannaíocht, banna ceoil – agus rithinn i gcónaí ó áit amháin go háit eile, gan stad. Leis an fhírinne a dhéanamh, bhí mé bródúil as a bheith ábalta an méid sin ionramhála a dhéanamh leis an sceideal a choinneáil in ord.

Maidir le saol eile a raibh ord is eagar ag baint leis, bhí an-dúil agam i saol na heaglaise Caitlicí nuair a bhí mé óg – bhí sé ar intinn agam bheith i mo shagart agus thug deasghnátha na heaglaise agus rialacha morálta an chreidimh struchtúr leathan agus domhain domh le hachan rud a choinneál le chéile. Bhain mé an sult as ard-déine an chultúir sin ar fad. Na gnéithe ba mhó a d’imir tionchar orm ná an gnáthamh daingean iompraíochta agus an teagasc docht eitice. Bhí saol gan rogha agus gan amhras iontach fóirsteanach don anord ar fad a mhothaigh mé nuair nach raibh an saol ceangailte leis an riocht sin.

Níor thosaigh na fadhbanna i gceart go dtí gur shroich mé an ollscoil. Theinn thart le pacáiste glúcóis i mo phóca le hard-buzz a choinneáil lasta i rith an lae, agus chríochnóinn pacáiste iomlán glúcóis ar a laghad achan lá. Choinnigh sé sin ar thimthriall gasta máindúlagair mé, thuas seal thíos seal. D’éirigh liom sa chéim ach ba deacair liom í.

An cógas a ghlacaim ná dexamphetamine, atá cóngarach go leor do meth, ach i bhfad níos laige. Dúirt dochtúir amháin liom go n-oibríonn na drogaí mar a bheadh teas lárnach ann – spreagann siad an inchinn i rith an lae siar sa chúlra le go mbeidh mé in ann riaranach gcaithfidh mé gabháil sa tóir ar ardspreagadh áit éigin eile

Ós rud é go n-oibríonn inchinn ADHD níos fearr ar ardspreagadh, go minic déanann daoine a bhfuil ADHD orthu agus nach bhfuil diagnóis acu iarracht leigheas a thabhairt dóibh féin ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile leis an ardspreagadh sin a lasadh – drogaí, iompar contúirteach, agus a leithéid.

Bhí an t-ádh ormsa ar dhóigh amháin – roghnaigh mise siúcra nó taibhiú leis an ardspreagadh sin a thabhairt orm féin, ach nuair a fuair mé an diagnóis dúirt an doctúir go raibh ADHD chomh holc sin orm go raibh iontas air nach raibh mé i mo choirpeach aitheanta.

Agus an diagnóis agus an cógas faighte agam, d’athraigh an saol thar oíche. Tháinig mo chuimhne ar ais. Go tobann thug mé faoi deara go raibh éadaí ar an úrlár agus go raibh an chistin trí chéile agus bhí an teach glan roimh i bhfad, agus spéis agam ann. Bhí mé in ann éisteacht le mo bhean agus aird a thabhairt do na páistí. Shíothlaigh an fhearg a mhothaigh mé. Shíothlaigh an imní laethúil a mhothaigh mé go dtí seo agus nár chuir mé suntas inti. Bhí mé in ann ceirníní ceoil a chur amach, leabhar filíochta a fhoilsú, roinnt léachtanna a fhoilsiú, agus ceirníní electronica a chur amach fosta.  Agus thosaigh mé isteach arís ar an fhéinfhostaíocht mar chóitseálaí, mar chainteoir, mar chraoltóir, mar oideasóir, agus mar scríbhneoir. Is mithid domh.  Caithfidh mé a rá go bhfuil rudaí níos fearr ná a bhí.

Anois, tá mé ag déanamh iarracht scéal ADHD a scaipeadh. Ba mhaith liom béim níos mó a chur ar ADHD i mo chuid oibre mar chóitseálaí agus mar chainteoir, agus tá mé ag scríobh leabhar faoi láthair fán taithí a bhí agam go dtí seo.

 

Bua agus beannacht,

Anthony

Leave a comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *