dig

ADHD – neamhord hipirghníomhaíochta an easnaimh airde (NHEA)

Ar dTús. Níor thug mé aird ort Ar dtús. Bhí cuidiú uaim A dúirt tú, aríst, Ag faire, ag fanacht Le troid uaim. Ró-thuirseach Ró-bhrónach Le troid. Racht géillte Do mo nochtadh. Ró-fhada domh Do mo thachtadh. Moladh gaoithe Ráfla inchinne Bealach ar strae. Ansin a chuimil tú, Glacfaidh an oilithreacht seo Smidiríní mo shaoil Le grian bheag a thógáil A lasfaidh fad an bhealaigh A fhad le diagnóis. B’fhéidir é Nach ormsa An locht ar fad. Nár chomh fada eatarthu Saol fíorscaoilte Saol fíorchróga Agus a bhreac mé síos Ar phár mo dhíograis le peann mo chroí Ar chumhaidh an oileáin. Ach tusa bheith ann Lámh liom Croí liom Chaoinfinn Uisce mo chinn. Caillim Leathchuid a deir tú Go fóill. Ach anois Tá fáilte le feasacht. Iarraim maithiúnas ort Le tosnú aríst. *** Tá cumhaidh an oileáin go tiubh thart orm anocht. Ach ní cuimhin liom an ag fagáil nó ag teacht ar ais atá mé? *** Fuair mé diagnóis ADHD/NHEA i 2016 nuair a bhí mé 44 bliain d’aois. Ag an am ní raibh a fhios agam ach go raibh imní ar mo bhean Emma go raibh early onset alzheimers ag teacht orm. Ní raibh maith ar bith ionam